News Release Page Title

6 Feabhra 2004

FOILSÍONN AN ROINN OIDEACHAIS ATHBHREITHNIÚ AR ÉIFEACHTACHT NA SEIRBHÍSE OIDEACHAIS

Foilseoidh an Roinn Oideachais tuarascáil inniu ar éifeachtúlacht na seirbhíse oideachais i dTuaisceart Éireann.

Is í an Roinn Oideachais a chur an tuarascáil i dtoll a chéile le hionchur ó Aonad Polasaí Eacnamaíochta an OFMDFM agus an Roinn Airgeadais agus Pearsanra. Tá tionchar áirithe ag an tuarascáil cheana féin ar thosaíocht a thabhairt do shaincheisteanna a bhaineann leis an gClár don Rialtas agus leis an mBuiséad, chomh maith le tionchar ar éifeachtúlacht na saincheisteanna sin.

Tá mionsonraí faoi phríomhthorthaí na tuarascála éifeachtachta le fáil ag:

www.deni.gov.uk

Sular cuireadh an Rialtas cineachta i dTuaisceart Éireann ar fionraí, rinne Feidhmeannas Thuaisceart Éireann coimisiúnú ar Mheasúnuithe Riachtanas agus Éifeachtúlachta (NEEanna) ag clúdú na réimsí clár seo a leanas: Sláinte, Pearsanta agus Seirbhísí Sóisialta, Oideachas, Cúnamh Airgeadais don Tionsclaíocht, Gairmoiliúint agus Fostaíocht, Tithíocht agus Cultúr, Ealaíona agus Fóillíocht.


    Click here to print this press release.