
10 Eanáir 2001
NÍ FHOILSEOFAR TÁBLAÍ FEIDHMITHE SCOILEANNA - MAC AONGHUSA
D'fhógair an tAire Oideachais an tUasal Máirtín Mac Aonghusa BP BTR pleananna inniu chun deireadh a chur le foilsiú táblaí feidhmithe scoileanna san fhoirm ina bhfuil siad faoi láthair i ndiaidh feachtas forleathan comhairlithe a raibh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, múinteoirí, scoileanna agus tuismitheoirí páirteach ann.
Fuair an Roinn níos mó ná 1000 freagra le 75% acu i gcoinne leanúint ar aghaidh le foilsiú na dtáblaí.
Dúirt an tAire: "Shíl a lán de na daoine a thug freagraí go raibh na táblaí ina n-ábhar easaontais agus gur theip orthu seans a thabhairt do na scoileanna pictiúr iomlán den scoil a thabhairt do na tuismitheoirí. Ar an iomlán bhí móramh ann ar son rud éigin eile a chur ina n-áit."
Thaispeáin an comhairliú chomh maith go raibh an mhórchuid i bhfabhar an rogha ligint do na scoileanna eolas a sholáthar go díreach do na tuismitheoirí agus tá socruithe in áit cheana féin chun ligean do sin tarlú i mbliana.
"Tá rún agam an rogha seo a thabhairt isteach láithreach bonn," arsa an tUasal Mac Aonghusa. "Mar sin de, ón bhliain seo amach ní fhoilseofar Táblaí Feidhmithe Scoileanna. Agus mé ag teacht ar an socrú seo ghlac mé san áireamh go hiomlán na freagraí agus na dearcaidh a tugadh dom ag cruinniú de chuid Choiste Oideachais an Tionóil maraon le freagra foirmiúil an Choiste."
Agus é ag trácht ar an phróiseas comhairlithe a críochnaíodh ar na mallaibh dúirt an tUasal Mac Aonghusa: "Cuid de na daoine a thug freagraí, bhí siad ag iarraidh go mbeadh na sonraí a chuir scoileanna aonair ar fáil leagtha amach i bhformáid choiteann agus go mbeadh bunlínte coiteann in úsáid ionas go dtiocfaí comparáidí fuaimintiúla a dhéanamh. Le dul i ngleic leis na cúiseanna imní seo, déanfaidh mo Roinn athbhreithniú ar an eolas is gá do scoileanna cur ina réamheolairí. Tá rún agam go ndéanfar comhairliú iomlán le scoileanna mar chuid den athbhreithniú seo."
Dúirt an tAire chomh maith: "Tá mé suite de gur seo an cinneadh ceart dár scoileanna agus dár dtuismitheoirí. As seo amach beidh scoileanna ábalta feidhmiú s'acu a nochtadh i gcomhthéacs eolais ar an scoil ina iomlán. Gheobhaidh tuismitheoirí cibé eolas atá de dhíth orthu faoi aon scoil ar leith ó fhoinse amháin agus beidh siad in áit níos fearr chun cinneadh a dhéanamh ar fheidhmiú ginearálta na scoile."
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ:
- Tá Táblaí Feidhmithe na Scoileanna á síorcháineadh ó foilsíodh den chéad uair iad i 1993, go háirithe ag cuid scoileanna agus ceardchumainn na múinteoirí agus mar gheall ar seo thosaigh an Roinn ar athbhreithniú a dhéanamh ar an pholasaí. Cuireadh páipéar comhairleach amach i lár Dheireadh Fómhair chuig réimse leathan eagraíochtaí oideachais, na scoileanna iarbhunscoile go léir san áireamh. Chomh maith leis sin, cuireadh bileog amach ar mhaithe le tuismitheoirí agus cuireadh seo chuig tuismitheoirí go léir daltaí i mbliain 8, an grúpa tuismitheoirí a bhfuil an t-eolas is déanaí acu ar an phróiseas, trí scoileanna iarbhunscoile. Cuireadh cóipeanna den bhileog seo sna leabharlanna chomh maith.
- Rinneadh machnamh ar thrí rogha sa pháipéar comhairle agus bhí siad mar a leanas:-
Rogha 1 Na táblaí foilsithe a choinneáil
Rogha 2 Tugann scoileanna aonair eolas do thuismitheoirí
Rogha 3 Eolas foilsithe i Leabhráin Aistrithe BOL
Tugadh rogha eile do na daoine a thug freagraí a moltaí féin leis an eolas atá sna táblaí a sholáthar a chur chun tosaigh.
- San iomlán fuarthas 1036 freagra ar an pháipéar comhairleach agus ar na freagraí seo bhí 76% acu ó thuismitheoirí, 7% ó Bhoird Ghobharnóirí agus 3% ó dhaoine/eagraíochtaí nach iad. Roghnaigh 23% Rogha 1, 51% Rogha 2 agus 23% Rogha 3. Ghlac 3% leis an rogha modh eile a mholadh leis an eolas a chur ar fáil. I ngach príomhchatagóir fhreagraí, tuismitheoirí, múinteoirí agus scoileanna, bhí móramh ann i bhfabhar rud eile a chur in áit na dtáblaí.
- Agus é ag teacht ar a shocrú ghlac an tAire san áireamh go hiomlán na freagraí agus dearcaidh a cuireadh chuige ag cruinniú de Choiste an Oideachais agus chinn sé ar Rogha 2 a thabhairt isteach láithreach bonn. Ní fhoilseofar Táblaí Feidhmithe na Scoileanna i mbliana mar sin.